Description
Is éard atá sa leabhar seo ná saothar i nGaeilge faoi fhoghlaim agus faoi mhúineadh teangacha. Cuirtear i láthair ann taighde lárnach ó réimsí cuí léinn, idir thaighde ginearálta agus taighde a bhaineann go sonrach le foghlaim na Gaeilge. I gcaibidlí éagsúla an leabhair, pléitear gnéithe de shíceolaíocht fhoghlaim na chéad agus an dara teanga, agus an bunús (teoiriciúil agus praiticiúil) atá le modhanna múinte éagsúla.
Cíortar ceisteanna a bhaineann le cumas agus próisis foghlama teanga sa duine, agus modheolaíochtaí teagaisc a chothaíonn iad. Tugtar samplaí agus moltaí soiléire le cuidiú le léitheoirí próisis na foghlama teanga a thuiscint agus cinntí tábhachtacha a dhéanamh faoi mhodhanna múinte i gcomhthéacsanna éagsúla.
Payment & Security
Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.