An Ghluaiseacht - Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta


Price:
Sale price€20

Description

I 1969, tháinig dream óg le chéile i gConamara chun tabhairt faoi fheachtas a d’athródh todhchaí na Gaeltachta go deo. Spreagtha ag agóidíocht a bhí ag tarlú ar fud na cruinne, bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta mar sheasamh in aghaidh an feall a bhí á dhéanamh ar phobal imeallaithe agus a dteanga.

Insíonn an leabhar seo scéal corraitheach na Gluaiseachta:

  • Stáisiún raidió mídhleathach a bhunú
  • Ionsaithe ar pholaiteoirí
  • Seilbh ar fhoirgnimh rialtais
  • Círéibeacha le Gardaí
  • Feachtais toghchánaíochta agus máirseáil

Bhí an Ghluaiseacht go minic ar phríomhleathanaigh na nuachtán náisiúnta.

As an agóidíocht seo, tháinig athruithe móra a chuaigh i bhfeidhm ar an Ghaeltacht, ina measc:

  • Saolaíodh Raidió na Gaeltachta
  • Bunaíodh Údarás na Gaeltachta
  • Athraíodh féile an Oireachtais ó bhonn
  • Cuireadh an síol do TG4
  • Crochadh comharthaí bóthair i nGaeilge amháin sna Gaeltachtaí
  • Spreagadh gníomhartha pobail trí chomharchumainn

Payment & Security

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

Estimate shipping

You may also like

Recently viewed