Description
An Pacáiste Iomlán
Many items in pack can be bought individually.
Pack consists of:
- Leabhar an Oide G (Fillteán)
- Ceachtanna bunaithe ar théamaí an Churaclaim
- Moltaí maidir le húsáid an úrscéil sa rang
- Moltaí maidir le húsáid na filíochta sa rang
- Moltaí maidir le húsáid na beathaisnéise sa rang
- Teimpléid Éagsúla
- Tráth na gCeist
- Ceachtanna ábharbhunaithe – treoir don mhúinteoir
- Ceachtanna ábharbhunaithe – ábhar don dalta
- Dlúthdhiosca Leabhar an Oide G
- Dlúthdhiosca 1 & 2. (Scéalta, Sceitsí agus Cur síos beathaisnéiseach).
- Leagan Ultach, Leagan Muimhneach agus Leagan Connachtach
- Fite Fuaite. (Leabhar an Dalta G).
- Leabhair don Léitheoireacht
- An Marcach Óg
- Contae Aontroma sna 1950daí.....
Ba mhaith le Dónall Óg a bheith ina mharcach. Is é mian a chroí dul ag obair leis an Traenálaí Mór, George Brown. Ach an éireoidh lena uncail, Séarlaí, cur ina luí ar a mháthair gur cheart ligean dó dul ag obair sna stáblaí i gCoill na Baioce? - Bean Uasal Mhisniúil. (Adi Roche)
- Is beag a thuig Adi Roche, nuair a tharla an phléasc uafásach i Searnóbail sa bhliain 1986,an t-athrú a thiocfadh ar a saol dá toradh. Ghoill na rudaí a thit amach de thoradh napléisce go mór uirthi, ach taispeánadh di chomh maith gur féidir gach saghas rud a bhaint amach má chuireann tú chuige go díograiseach agus go misniúil.
- Cine Shiabhra
- Theith Cine Shiabhra ón oighear a bhí ag clúdach dhromchla an domhain na mílte bliain ó shin agus d’úsáid a gcuid draíocht chun áit chónaithe nua a chruthú dóibh féin faoi thalamh. Tá an draíocht sin ag imeacht i léig, áfach, agus níl de rogha acu anois ach filleadh ar dhromchla an domhain. Beidh duine le roghnú chun an bealach a réiteach do Chine Shiabhra agus áit chónaithe nua a aimsiú ar an dromchla. Cé a roghnófar chun tabhairt faoin turas contúirteach seo? Agus an féidir an méid atá le déanamh a chur i gcrích sula n-imíonn an draíocht i léig ar fad?
- Sin Scéal Eile! - Gearrscéalta nuascríofa
- Tar linn ar thuras scéalaíochta. Buailfimid le mic tíre, marbhánach, fathach agus firín beagbídeach. Tabharfaimid cuairt ar mhúsaem agus ar shiopa ceoil is siúlfaimid sráideanna nambruachbhailte. Cad a tharlóidh i gcaitheamh an turais? Bhuel ... sin scéal eile!
- .Go Tóin Poill
- Scéal lán-eachtraíochta. Ar an mbád farantóireachta atá Nic agus é ar a bhealach chuig anoileán le cuairt a thabhairt ar a Mhamó agus a Dhaideo. Tá an turas báid céanna déanta gominic cheana aige. Ach ní haon ghnáth-thuras a bheidh sa cheann áirithe seo…
- Inis Seo Dom
- Trí agallamh beirte scríofa ag údair aitheanta. Bainfidh an léitheoir sult as an ngreann agus as an gcaint heisbhéalach fhileata atá sna hagallaimh seo.
- Féasta Filíochta
- Togha gach bia agus rogha gach dí a bhíonn ag féasta de ghnáth. Suigh chun boird ag féasta de chineál eile agus blais de thogha agus de rogha na filíochta!
- Leabhar Mór an Eolais
- Ciclipéid suas chun dáta an leabhar seo do léitheoirí bunscoile, ó na meánranganna suas. Eolas ar an gcine daonna, an saol mórthimpeall agus ar an domhan mór. 190 leathanach iomlán d’fhíricí suimiúla agus de phictiúir lándaite. Roinnte ina naoi roinn atá sé: An Cholainn; Plandaí agus Ainmhithe; An Domhan; Pláinéid agus Réaltaí; An Eolaíocht agus an Teicneolaíocht; Na hEalaíona; An tSochaí ina mairimid; An Stair agus Tíortha.
- Scríobhadh na leabhair seo chun freastal ar Rang 3, 4, 5 nó 6 ach is faoi fhoireann na scoile atá sé na leabhair is feiliúnaí a roghnú do gach rang. Beidh cúiseanna éagsúla le rogha na múinteoirí, e.g. caighdeán léitheoireachta na ndaltaí, ábhair spéise na ndaltaí agus daltaí atá in ilranganna.
- 6 Phóstaer
- 4 Phictiúrchárta
Payment & Security
Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.