

Ón Taobh Istigh
Jake Mac Siacais
Cad é a d’itheadh cimí poblachtaí
do dhinnéar na Nollag? Cén bhaint a bhí ag blas Bhéarla
Dheisceart Dhoire ar thús lochtach ar an agóid shalach?
Cad chuige a bhfuil an Bíobla léite ó chlúdach go clúdach
cúig huaire ag an údar, aindiachaí déanta ó bhí sé sna déaga?
Tá na freagraí – agus a lán, lán
eile – sa leabhar spleodrach spéisiúil spreagúil seo a thugann
léargas cuimsitheach ón taobh istigh dúinn ar ghluaiseacht
na poblachta agus ar ghluaiseacht na Gaeilge araon. Sna
blianta a chaith an t-údar ‘faoi ghlas ag Gall’, tharla
cuid de na heachtraí is mó a mhúnlaigh an treo a ghlacfadh
Óglaigh na hÉireann agus Sinn Féin i leith na coimhlite
ó thuaidh, mar atá, agóid na pluide, an agóid shalach agus
na stailceanna ocrais. Ní hé go raibh na himeachtaí sin
ag titim amach thart timpeall ar an údar: bhí ról measartha
lárnach aige iontu.
Feirsteach go smior é an t-údar,
ach – ar chúiseanna áirithe – tá cuid mhór den tír agus
dén domgan siúlta aige. Tá tuiscint ghrinn aige ar mheon
an duine dá bharr, tuiscint a d’fhás nuair a tháinig dúlagar
air sna blianta beaga sular scríobh sé an leabhar, tá a
insint ar an streachailt a bhí aige féin leis an mhadadh
dubh eolasach, suntasach agus, thar aon rud eile, ionraic.
|

Price: €10.00
An Siopa Gaeilge
Foirm Ordaithe Faoi Ghlas
Secure order form
|
Cinntíonn úsáid an fhoirm ordaithe ‘An
Siopa Gaeilge’ costas níos cruinne ar phostas & pacála.
‘An Siopa Gaeilge’ secure order form often ensures
a more advantageous post & packaging rate.

Price: €10.00
Select correct postage for
your Postage Region
|
|