

Prochóg na Luchóg
Pádraig Mac a’ Ghoill
Ba theach lóistín i nGlaschú é Prochóg
na Luchóg, áit a bhféadfadh bean déirce lóistín na hoíhce
a fháil ar chúpla pingin, agus ní chuirtí aon duine ó dhoras.
Chonaic Mac ‘Ghoill an domhan a ndeachaigh sé i dtaithí
air mar phrochóg mhór amháin den chineál céanna.
Insíonn sé scéal tragóideach Nóra
Ní Riain, bean óg a chaith saol bocht i dTír Chonaill ag
deireadh na naoú haoise déag. Déanann sí an ‘peaca mór’
agus í ag sclábhaíocht in Albain, agus fágtar ar an trá
fholamh i bprochóg an tsaoil mhóir. Dá mhéad difir atá idir
saol na linne sin agus saol an lae ainniu, tá an grá is
an ghruaim linn fós, agus cumhacht in insint Mhic a ‘Ghoill
air.
Tá an scéal seo ina dheirfiúr ag
‘Páistí an Chinn Chaoch’, leabhar clasaiceach Mhic a’ Ghoill
faoi shaol na n-imirceach agus na náibhithe. Tá an dá scéal
fite fuaite ina chéile agus iad ag cur síos ar leatrom na
dtiarnaí talún, cumhacht na cléire agus saibhreas na dtoicí
móra. Nuair nach bhfuair sé oiliúint ar bith i léamh ná
scríobh a theanga féin, ní i nGaeilge a scríobh Pádraig
Mac a’ Ghoill. Ach a bhuíochas ar Mhícheál Mac Giolla Easbuic,
anois tá Prochóg na Luchóg le fáil againn féin.
Aistriúchán ar leabhar Patrick McGill
– The Rat Pit
Paistí an Chinn Chaoch Pádraig Mac a’ Ghoill
|

Price: €15.00
An Siopa Gaeilge
Foirm Ordaithe Faoi Ghlas
Secure order form
|
Cinntíonn úsáid an fhoirm ordaithe ‘An
Siopa Gaeilge’ costas níos cruinne ar phostas & pacála.
‘An Siopa Gaeilge’ secure order form often ensures
a more advantageous post & packaging rate.

Price: €15.00
Select correct postage for
your Postage Region
|
|