

Cnámh
Eoghan MacGiolla Bhríde
Bailiúchán gearrscéalta ón scríbhneoir
Chonallach, Eoghan Mac Giolla Bhríde. Scéalta bunaithe ar
shochaí ár linne ina gcuireann sé síos ar an saol réalaíoch
atá ann anois.
As Gaoth Dobhair i dTír Chonaill
d’Eoghan MacGiolla Bhríde agus cónaí air faoi láthair i
mBaile Átha Cliath. Is é seo an thriú cnuasacht gearrscéalta.
Foilsíodh Idir Feoil is Leathar (Coisceim) i 2002 agus Díbeartaigh
(Coisceim) in 2005. D’aistrigh sé an leabhar An Prionsa
Beag (Éabhlóid) ón Fhraincis in 2015. Bhí sé mar eagarthóir
ar leagan úr den leabhar Cáitheamh na dTonn le Muirghein
agus ar an bhailiúchán tomhasanna Tomhas Orm, Tomhas Ort!
Bhuaigh an cnuasach seo Duais an
tSaothair Próis i gComórtas Litríochta an Oireachtais 2018.
Léirmheas:
“An rud is annamh is iontach. Is
mó duine a thugann faoi ghearrscéal a scríobh ach ní go
rómhinic a éiríonn le scríbhneoir saothar a cheapadh a théann
i bhfeidhm ar an léitheoir ar bhealach dodhearmadta, faoi
mar a tharlaíonn i sciar de scéalta an chnuasaigh seo. Níl
aon drochscéal ann agus tá móimintí léargais áille ann.
Mar sin féin, ní éiríonn an insint maoithneach riamh agus
tá fuil agus feoil na daonnachta – bíodh an duine leonta,
lochtach féin – ann ó thús deireadh.
Tá grá mar bhunchloch na scéalta
seo – grá an údair don bheatha agus do dhaoine leonta neamhfhoirfe
a ré. Ach má tá substaint agus lón anama anseo, tá éadroime
agus éascaíocht chomh maith agus beidh fonn ar an léitheoir
na leathanaigh a chasadh go tapaidh agus an leabhar a léamh
ó chlúdach go clúdach go cíocrach. Bua mór eile de chuid
an leabhair nó go n-aithnímid an saol atá faoi thrácht ann
– seo ár ré féin agus á muintir féin.
Comhlíonann an cnuasach seo an aidhm
is feidhm leis an litríocht: cuireann sé breis lenár léamh
ar an domhan timpeall orainn agus cuireann sé lenár dtuiscint
ar ár gcomhdhaoiní. Sin é is bun agus barr leis seánra an
ghearrscéil. Creidimid sna carachtair agus bíonn bá againn
leo.
Tá na scéalta simplí sa chiall is
fearr den fhocal sin agus an teanga agus an scéal lán-oiriúnach
dá chéile.
Níl aon fhocal nó abairt ann nach
gá é; ní thugtar aon sonra nach bhfuil feidhm aige agus
is cás linn na carachtair a gcasaimid leo. Ceardaí oilte
an scríbhneoir a thuigeann conas scéal a nochtadh le leidí
agus a thuigeann nach gá dul i muinín na tuairisce (galar
tógálach na gearrscéalaíochta go minic). Tá scríbhneoir
cruthanta anseo, duine nach mór dóibh scríobh agus nach
mór dúinne léitheoirí a saothar nó a shaothar a léamh. Ghealaigh
an saothar mo chroí. Mairimíd beo.”
An Dr Róisín Ní Ghairbhí.
A collection of short stories
in the Irish language by Eoghan Mac Giolla Bhríde. Eoghan
is from the Donegal Gaeltacht and currently lives in Dublin.
Cnámh has been nominated for
the An Post Irish Book Awards.
This is his third collection
of short stories.Idir Feoil is Leathar was published in
2002 by Cosicéim and Díbeartaigh was published in 2005.
Rarely does a writer succeed
in producing a work that impacts on the reader in an unforgettable
way, such as happens in some of the stories in this collection.
There are some wonderful moments of insight, and from start
to finish, be they wounded or flawed, the characters embody
the flesh and blood of humanity.
Dr Róisín Ní Ghairbhí.
|