Description
Eagarthóirí:
Aingeal Nic a’ Bháird, Caoimhín Mac a’ Bháird agus Nollaig Mac Congáil.
Gí gur daingean Gaeilge atá in oileán Thoraí leis na céadta bliain, chan ionann is oileáin Ghaelacha eile ar chósta na hÉireann, níl cáil na scríbhneoireachta ar an oileán seo. Dá thairbhe sin cuirimid fearadh na fáilte roimh an úrscéal bhreá seo ó dhuine de mhuintir an oileáin, mar atá, Séamus Mac a’ Bháird, a scríobhadh sa chéad cheathrú den aois seo caite.
Leabhar eisceachtúil atá ann ar go leor bealaí – scéal ar shaol dhrabhlásach Phaidí Pheadair ó cheann ceann na cruinne, scéal atá lán d’eachtraíocht, saol de chineál nach gcastar orainn de ghnáth i litríocht na Gaeilge agus é sin scríofa i gcanúint shaibhir Thoraí nach bhfuil ar bhéal na ndaoine níos mó. Solamar breá ón tseanaimsir.
Payment & Security
Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.