Cur síos
Cén áit a bhfuil an sliabh is airde in Éirinn?
Cén fáth a bhfuil na séasúir againn?
Cad as a dtagann an ghaoth?
Tá freagraí na gceisteanna sin, agus mórán ceisteanna Tíreolaíochta eile, le fáil sa leabhar seo agus sna sleamhnáin a ghabhann leis. Pléitear 19 dtéama Tíreolaíochta sa leabhar oibre cuimsitheach seo do Rang 5 agus iad uilig bunaithe ar an gCuraclam OSIE – Tíreolaíocht. Úsáidtear an leabhar seo i gcomhar le sraitheanna sleamhnán a ullmhaíodh go speisialta don tsraith Féach Thart – Tíreolaíocht.
Íocaíocht & Slándáil
Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.