Cúrsa comhtháite, taitneamhach, páistelárnach le haghaidh múineadh na
Gaeilge atá i Séideán Sí, cúrsa a chuideoidh le forbairt teanga,
chognaíoch, mhothúchánach agus shamhlaíoch an pháiste. Is ar an bpáiste
féin, ar na riachtanais teanga atá aige/aici agus ar a c(h)uid ábhar
spéise atá an phríomhbhéim. Ar scoileanna Gaeltachta agus ar scoileanna
lán-Ghaeilge atá an cúrsa dírithe go príomha ach tá sé oiriúnach, leis,
do scoileanna eile.
Tagann an cúrsa Séideán Sí leis an gcur chuige
atá leagtha síos in Curaclam na Bunscoile — Gaeilge (1999). Tá sé
bunaithe ar an gcur chuige cumarsáideach agus déantar comhtháthú ann ar
an gceithre scil: éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus
scríbhneoireacht.
Foireann dearthóirí curaclaim a bhfuil taithí fada teagaisc acu i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lán-Ghaeilge agus atá ar iasacht óna gcuid scoileanna atá ag scríobh an ábhair. Comhthionscadal é Séideán Sí idir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus Foras na Gaeilge. Tá an scéim á stiúradh ag Ionad Oideachais Dhún na nGall.
Is féidir earraí Séideán Sí a cheannach mar phaca, nó ceann ar cheann. Liostaítear na míreanna aonair ar gach leathanach a bhaineann le paca.
Thig le scoileanna agus institiúidí eile leabharthaí a ordú, sonrasc a iarraidh agus íocaíocht a dhéanamh le seic nó aistriú bainc seachas cárta creidmheasa a úsáid.
Cártaí bronntanais
Tá rogha cártaí bronntanais againn. Déan teagmháil linn agus fáilte sa chás go bhfuil luach faoi leith de dhíth ort nach bhfuil ar fáil anseo.