Séideán Sí

145 de tháirgí

Cúrsa comhtháite, taitneamhach, páistelárnach le haghaidh múineadh na Gaeilge atá i Séideán Sí, cúrsa a chuideoidh le forbairt teanga, chognaíoch, mhothúchánach agus shamhlaíoch an pháiste. Is ar an bpáiste féin, ar na riachtanais teanga atá aige/aici agus ar a c(h)uid ábhar spéise atá an phríomhbhéim. Ar scoileanna Gaeltachta agus ar scoileanna lán-Ghaeilge atá an cúrsa dírithe go príomha ach tá sé oiriúnach, leis, do scoileanna eile.

Tagann an cúrsa Séideán Sí leis an gcur chuige atá leagtha síos in Curaclam na Bunscoile — Gaeilge (1999). Tá sé bunaithe ar an gcur chuige cumarsáideach agus déantar comhtháthú ann ar an gceithre scil: éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht.

Foireann dearthóirí curaclaim a bhfuil taithí fada teagaisc acu i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lán-Ghaeilge agus atá ar iasacht óna gcuid scoileanna atá ag scríobh an ábhair. Comhthionscadal é Séideán Sí idir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus Foras na Gaeilge. Tá an scéim á stiúradh ag Ionad Oideachais Dhún na nGall.

Is féidir earraí Séideán Sí a cheannach mar phaca, nó ceann ar cheann. Liostaítear na míreanna aonair ar gach leathanach a bhaineann le paca.

Ag taispeáint 121 - 144 as 145 de tháirgí
Amharc
122 Preabchárta
30 Pictiúrchárta
7 bPóstaer
Cluichí Focal: Sa Bhaile
Séideán Sí – Rang 6 – 2 Phóstaer
Séideán Sí – Rang 6 – 2 PhóstaerSéideán Sí – Rang 6 – 6 Phictiúrchárta
Cur is Cúiteamh - Leabhar an Dalta E
 Leabhar an Oide E (Fillteán)
4 Phictiúrchárta
Séideán sí – Rang a Trí 5 Phóstaer
Séimí agus an tSíog
Seo, Siúd agus Eile
Seo, Siúd agus Uile
Seo, Siúd agus Uile
Sin Scéal Eile!
Siotaí Sí
An Gúm Siotaí Sí
Praghas €7.50
Slán Sábhailte

Táirgí ar chuir tú suim iontu