Leabhar Mór na nAmhrán - Edited by Micheal O Conghaile , Edited by Lochlainn O Tuairisg , Edited by Peadar O Ceannabhain


Praghas:
Praghas €30

Cur síos

Leabhar é seo don scoláire, don amhránaí agus do dhuine ar bith ar suim leo teacht ar thuiscint níos leithne ar amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge.

Le Dhá CD.

Ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge, ar an sean-nós, atá ann. Ó cheann ceann na tíre iad agus tá nótaí cuimsitheacha cúlra ag dul le gach uile cheann díobh maidir le cé dar díóbh iad, cé a chum, an chaoi ar scaipeadh iad agus an dream a chasann iad sa lá atá inniu ann.

Tá amhráin sa leabhar seo a bhfuil eolas go forleathan orthu agus a theann i ngleic le téamaí uilíochta idirnáisiúnta a thuigfeadh daoine i ngach ceard den domhain; ina theannta sin, amhráin nach bhfuil an cur amach céanna ag daoine orthu, iad áitiúil, lonnaithe sna pobail arb as iad agus a labhraíonn go sainiúil leis na pobail chéanna sin.

Tá amhráin bheaga agus amhráin mhóra anseo, iad fada agus gearr, mall agus sciobtha, sean agus óg, fios againn cé a chum cuid acu, muid idir dhá (no trí) chomhairle maidir lena thuilleadh acu agus gan tuairim againn cé a chum an chuid eile. Tugann an saothar acu seo léargas cuimsitheach don saineolaí agus don léitheoir ginearálta araon ar fhas ar chumadh, ar scaipeadh agus ar léiriú thraidisiún na fonnadóireachta Gaeilge anuas go dtí ár linn féin.

'Ba iad na hamhráin seo a choinnigh beo iad scaití, a thug faoiseamh, sólás, misneach, pléisiúr éigin is dóchas dóibh in am an ghátair. Ba saibhreas anama san am sin iad is níor ligeadar in éag ná le sruth iad. Inniu labhrann siad le pobal seo ár linne chomh hábalta céanna.' - Micheál Ó Conghaile

Na hEagarthóirí
Micheál Ó Conghaile: Scríbhneoir cruthaitheach agus foilsitheoir. Bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht sa mbliain 1985. Ball de Aos Dána. Eagarthóir na gcnuasach amhrán Croch Suas É! (1986) agus Up Seanamhach (1990).

Lochlainn Ó Tuairisg: As Cois Fharraige i gConamara. Eagarthóir le Cló Iar-Chonnacht ón mbliain 2005. Taighde déanta aige sa stair agus sa mbéaloideas. Comhúdar an leabhair Tobar an Dúchais: Béaloideas as Conamara agus Corca Dhuibhne (2007).

Peadar Ó Ceannabháin: Amhránaí sean-nóis as Aill na Brón in Iorras Aintheach. Ina chónaí i mBaile Átha Cliath. Léachtóir ollscoile agus eagarthóir an leabhair Éamon a Búrc: Scéalta (1983). Altanna scríofa aige ar an sean-nós. Dlúthdhiosca, Mo Chuid den tSaol (CICD131), eisithe aige.

This is a book for students, for singers and for anyone who would like to gain a wider understanding of traditional Irish singing. It contains over 400 traditional Irish sean-nós songs gathered from all over the country. Each song is accompanied by comprehensive background notes on the origins of the songs, the composers, the myriad ways that the songs radiated into the tradition and notes on the people who sing the songs today.

‘Leabhar Mór na nAmhrán’ contains both well-known songs and less well-known songs. There are big songs and small songs, long and short songs, fast and short songs and new and old songs.

'These are the songs that, at times, kept the people alive. Songs that gave comfort, solace, courage, pleasure and hope when times were hard. They were songs to raise the spirit and the people held them to their hearts. These songs are as compelling today as they were in times gone by.' - Micheál Ó Conghaile


Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu