Titeann Rudaí as a Chéile le Chinua Achebe


Praghas:
Praghas €12

Cur síos

Gaiscíoch mór le rá is ea Okonkwo, agus a cháil in airde ar na fir is cumhachtaí agus is saibhre ina threabhchas. Is duine ceanndána lasánta é, áfach, agus is minic a theipeann air srian a chur leis an fhearg. Íocann sé féin agus a mhuintir go daor as sin. Nuair a bhagraíonn teacht ar fhir ghil ar thraidisiúin an treabhchais, gníomhaíonn Okonkwo as a stuaim féin. Toradh tragóideach atá i ndán dó, áfach.

Tá an t-úrscéal seo aitheanta ar chlasaicí litríocht an domhain ó foilsíodh i 1958 é. Tá sé aistrithe chuig breis is leathchéad teangacha, agus breis is deich milliún cóip de díolta. Agus é ag cur síos go grinn báúil ar chinniúint pobail amháin san Afraic, baineann léiriú Chinua Achebe le cinniúint an duine ar fad i saol ár linne. 

 

Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu